Anna Ní Dhonnchú

Fúm

Anna Ní Dhonnchú ag a seol i Ráth Chairn

Is mise Anna Ní Dhonnchú agus is lámhfhíodóir traidisiúnta mé. Tá mé tiomanta do chaomhnú na sean cheirde seo.

Chaith mé seal faoi stiúr an sárfhíodóra, John Heena i nDún na nGall, áit ar thug mé liom scileanna, saoithiúlacht, agus saoirseacht na ceirde.

Fuair mé mo chéad sheol sa mbliain 2022 agus tá mé ag fí liom ó shin i mo stiúideó i nGaeltacht Ráth Chairn, i gcroílár Ghleann na Bóinne, Contae na Mí.

Spreagann ealaín mheigiliteach i dtuamaí Ghleann na Bóinne na pátrúin atá sa mbréidín agam.

Ealaín mheigiliteach Ghleann na Bóinne in aice le pluid lámhfhite
Caoirigh a sholáthraíonn an olann do Bhréidín na Bóinne

Is olann caorach amháin atá sa mbréidín seo. Tá an olann 100% nádúrtha agus in-athnuaite. Is píosaí iad seo a mhairfeas ó ghlúin go glúin.

Anna Ní Dhonnchú ag a seol i Ráth Chairn

Is le lámh agus le cos amháin a oibríonn ár seolta gan aon ghá le fuinneamh.

Is féidir do phíosa féin de bhréidín a cheannacht sa stiúideo i Ráth Chairn nó ag margaí éagsúla i rith na bliana.

Teagmháil faoi chuairt